Fiontraíthe le Gaeilge

Fiontraithe le Gaeilge

image

Aidhmeanna

Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo oiliúint, ar ardchaighdeán, a thairiscint d'fheidhmeannaigh agus d'fhiontraithe sinsearacha, le Gaeilge, atá ag obair i gcomhlachtaí, idir phríobháideacha agus phobail, i nGaeltacht Dhún na nGall agus sa limistéar treas-teorann ina bhfuil an Clár Síochána agus Athmhuintiris ag feidhmiú.

Tréimhse an Chláir

Mairfidh an Clár ó mhí Eanáir 2006 go mí na Nollag 2007. Cuirfear tús leis an clár teagaisc i mí Bealtaine 2006 agus críochnóidh sé i mí Meán Fómhair 2007.

Na Rannpháirtithe

Roghnófar na rannpháirtithe ón Ghaeltacht agus na pobail treas-teorainn.

Beidh tríocha (30) rannpháirtí ar an chúrsa agus iad réidh leis an cúrsa a thosú ar 1ú Bealtaine 2006 agus a chríochnú 30 Meán Fómhair 2007.

Roghnófar na rannpháirtithe, bunaithe ar an chritéir a leanas:

Taithí fiontraíochta go dáta
Poiteansáil chun gnó a bhunú
Deis acu a gcomhlacht a neartú agus a mhéadú
Taighde agus Forbairt a dhéanamh ar dheiseanna nua gnó

Meastar go mbeidh an rannpháirtí ag feidhmiú mar phríómhfheidhmeannach nó ag leibhéal sinsireach eile i gcomhlacht príobháideach nó pobail.

image image image image image image image image image image
image

image
 
Oideas Gael Interreg 3A Irish Central Border Area Interreg IIIA Partnership (ICBAN) Údarás na Gaeltachta Forbairt Feirste