Fiontraíthe le Gaeilge

Fiontraithe le Gaeilge

image

Poiblíocht / PR

25 Aibreán 2006 'Fiontraithe na Gaeilge' - earcaíocht rannpháirtithe

Preas Ráiteas

Fiontraithe le Gaeilge

Tá borradh forleathan i gcúrsaí fiontraíochta in Éirinn agus ar fud an domhain; tá an tuiscint ann go bhfuil fás geilleagrach ag brath go mór ar chruthaíocht agus ar shamhlaíocht daoine aonaracha le seirbhísí agus táirgí úrnua a chur ar fáil.

An é go mbíonn tréith na fiontraíochta go nádúrtha i ndaoine áirithe nó an dtagann sé óna dtimpeallacht agus óna dtaithí saoil? Is cinnte nach bhfuil ach céadatán beag de dhaoine a ghlacann greim ar dheis le smaoineamh a fhorbairt agus brabach caipitil nó sóisialta a chrúthú.

An Fiontraí tusa?

Smaoineamh - fís - brionglóid - plé - macnamh dúshlán - féinmhuinín - an zón compoird - an staidéar féidearthachta - an chomhairle toradh táirge - an banc - an t-iasacht - an custaiméir - an chéad seic - an phoiblíocht - an t-ionad oibre custaiméirí nua - an ráiteas bainc - an brabach - an ceistiú imní - an chéad bhliain - an seachtú bliain - an mercedes benz Mauritius - an scéim pinsin sroichte!

Má tá…

Tá tú ag foghlaim i gcónaí agus tá an Clár Oiliúna d'Fhiontraithe le Gaeilge dírithe ar chinntiú go bhfuil an tacaíocht agus an chomhairle is fearr ar fáil duitse - oiliúint i gcumarsáid airgeadas margaíocht nua theicneolaíocht pleanáil meantóireacht deis dul go scoil gnó i Meiriceá cúrsa atá deartha agus dírithe ar do riachtanais.

Toradh…

Brabach breise tuilleadh fostaíochta seirbhís nó táirge nua fiontraí sásta…

Tá Fiontraithe le Gaeilge a bhainistiú
ag Oideas Gael, Gleann Cholm Cille.
087 9173106
i gcomhar le Forbairt Feirste,
Béal Feirste. 028 90 438597

Má tá suim agat sa chúrsa, tá bileog eolais
agus foirm iarratais ar fáil ag www.fiontrai.ie
nó ó Fiontraithe le Gaeilge, WestBic,
Cill Chartha, Co Dhún na nGall.
eunan@fiontrai.ie 074 97 38333

Return to top


image image image image image image image image image image
image

image
 
Oideas Gael Interreg 3A Irish Central Border Area Interreg IIIA Partnership (ICBAN) Údarás na Gaeltachta Forbairt Feirste