Fiontraíthe le Gaeilge

Fiontraithe le Gaeilge

image

Poiblíocht / PR

06 Samhain 2006

Fiontraithe le Gaeilge

Tá 'Fiontraithe le Gaeilge' ina chlár ard-oiliúna treasteorainn d'fhiontraithe le Gaeilge.

Feidhmeannach Oideachais & Taighde

Tá modúil oideachais san fhiontraíocht mar chuid den chlár 'Fiontraithe le Gaeilge'.

Tá duine le ceapadh, le bheith lonnaithe in oifigí Fhorbairt Feirste, leis an clár oideachais a riaradh. Beidh freagrachtaí ar an duine maidir le taighde a dhéanamh agus modúil fhiontraíochta a ullmhú. Beidh na modúil seo ar fáil do mhicléinn i meánscoile atá ag fáil a gcuid oideachais i nGaeilge i réigiún Interreg.

Tá scileanna maithe cumarsáide le taithí i ngnó agus in oideachas de dhith ar an duine a cheapfar. Mairfidh an conradh fostaíochta naoi mí ó thús Eanáir 2007. Tá na sonraí uilig le fáil ag www.fiontrai.ie nó ó oifig@fiontrai.ie oifig@fiontrai.ie

Painéal Meántóirí do Fiontraithe le Gaeilge

Tá daoine le taithí gnó a dhíth le comhairle a thabhairt do rannpháirtithe Fiontraithe le Gaeilge. Má tá taithí nó saineolas agat i gcúrsaí turasóireachta, airgeadais, cumarsáide, margaíochta, bainistíochta nó i réimse eile, deán teagbháil linn.

Seol do CV, le do thoil, chuig oifig@fiontrai.ie nó cuir scairt ar Eunan ag 074 97 38333

 

 

 

Eolas: Eunan Mac Cuinneagáin, WestBic, Cill Chartha. 074 97 38333 nó ag www.fiontrai.ie

Oideas Gael, Gleann Cholm Cille, Co Dhún na nGall. Fón: 074 9730248 Oifig.
Forbairt Feirste, Béal Feirste, BT 12 6FB Fón: 028 90438597 Jake

Return to top


image image image image image image image image image image
image

image
 
Oideas Gael Interreg 3A Irish Central Border Area Interreg IIIA Partnership (ICBAN) Údarás na Gaeltachta Forbairt Feirste