Fiontraíthe le Gaeilge

Fiontraithe le Gaeilge

image

Poiblíocht / PR

13 Iúil 2006 1pm, Déardaoin

Preas Ráiteas

Seoladh an Chláir Treasteorann 'Fiontraithe le Gaeilge

Seolfaidh an tAire Gnóthaí Pobal, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD an clár 'Fiontraithe le Gaeilge' i bhForas Cultúir Uladh, Dé hAoine, 12pm, 14 Iúil. Tá an clár maoinithe ag Interreg 111A (€472,286) agus á bhainistiú
d'Áisínteacht na gClár Speisialta AE ag an Pháirtnéireacht ICBAN.

Tá borradh i gcúrsaí fiontraíochta faoi láthair agus tá an tuiscint ann go bhfuil fás geilleagrach na tíre seo ag braith ar chruthaíocht agus ar shamhlaíocht daoine aonaracha le seirbhísí agus táirgí úrnua á chur ar fáil.

Tá an fhiontraíocht chomh tábhachtach céanna do shaol na Gaeilge. Tá deiseanna úrnua ar fáil na laethe seo i bhfiontraíocht na Gaeilge agus i ngnóanna teanga-bhunaithe. Tá slite beatha ar fáil do dhaoine, ar mhaith leo oibriú i nGaeilge, bíodh sin sa gheilleagar sóisialta nó i ngnóanna príobháideacha.

Bíonn fiontraithe ar bís le foghlaim i gcónaí agus tá an Clár Ard-oiliúna d'Fhiontraithe le Gaeilge, dírithe ar chinntiú go bhfuil an tacaíocht agus an chomhairle is fearr ar fáil do na fiontraithe atá rannpháirteach.

Sa tréimhse dhá bhliain romhainn go Samhain 2007, beidh deiseanna oiliúna ar fáil i gcumarsáid, i bpleanáil airgeadais, i scileanna margaíochta, nualaíocht sa teicneolaíocht agus i mbainistiú le meantóireacht den scoth curtha ar fáil. Beidh Ard-teastas ar fáil ó Líonrá fríd Institúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn. Ar chríoch an chláir, beidh deis ann staidéar breise a dhéanamh i scoil gnó thar lear.

Seo cúrsa atá deartha agus dírithe ar riachtanais na dtríocha rannpháirtithe le cinntiú go sroichfí buaicphointe ina saol fiontraíochta. Tig leath de na rannpháirtithe ó cheantair i nGaeltacht Dhún na nGall agus an chuid eile ón réigiún treasteorann faoi chúram Interreg.

Tá an clár á bhainistiú ag Oideas Gael agus ag Forbairt Feirste.

Eolas: Eunan Mac Cuinneagáin, WestBic, Cill Chartha. 074 97 38333 nó ag www.fiontrai.ie

Oideas Gael, Gleann Cholm Cille, Co Dhún na nGall. Fón: 074 9730248 Oifig.
Forbairt Feirste, Béal Feirste, BT 12 6FB Fón: 028 90438597 Jake

Return to top


image image image image image image image image image image
image

image
 
Oideas Gael Interreg 3A Irish Central Border Area Interreg IIIA Partnership (ICBAN) Údarás na Gaeltachta Forbairt Feirste