Fiontraíthe le Gaeilge

Fiontraithe le Gaeilge

image

Preas Ráiteas 14 Bealtaine 2008

Clabhsúir leis an Chlár ‘Fiontraithe le Gaeilge’.

Cuirfear deireadh foirméalta leis an chlár oideachais fiontraíochta ‘Fiontraithe le Gaeilge’, atá páirt-mhaoinithe ag an Aontas Eorpaigh fríd an clár Intereg 111A atá a bhainistiú don Special EU Programmes Body ag an Páirtnéireacht ICBAN agus le breis mhaoiniú ó Údarás na Gaeltachta, le comhdháil lae ar an Chéadaoin 21ú Bealtaine, in Óstán na Cúirte, Gaoth Dobhair.

Tá an clár treas-teorainn seo a reachtáil ó mhí na samhna 2005 ar aghaidh agus a sheol an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i nGleann Cholm Cille sa samhraidh 2006.

Ghlac triocha rannpháirtí páirt iomlán sa chúrsa don tréimhse dhá bhliain agus chuaigh siad fríd próiséis oiliúna i gnó, margaíocht, cumarsáid agus modúil sainiúil eile. Fuair na fiontraithe deis pleananna gnó a fhorbairt agus cáilíocht a bhaint amach in HETAC, leibhéal 6. Rinne ochtar agus fiche ag staidéar thar sáile in Ollscoil Naomh Gallen san Eilbhéis agus ceathrar acu cúrsa oiliúna breise le hOllscoil Babson, an t-ollscoil is mó le rá i gcúrsaí fiontraíochta idirnáisiúnta.

Tá borradh ar leith i gcúrsaí fiontraíochta in Éirinn agus ar fud an domhain faoi láthair agus tá an tuiscint ann go bhfuil fás geilleagrach na tíre ag brath ar chruthaíocht agus ar shamhlaíocht daoine aonaracha le seirbhísí agus táirgí úrnua a chur ar fáil.

Tá an fhiontraíocht tábhachtach do shaol na Gaeilge agus ba seo an ábhar fócais don chúrsa seo tríd agus tríd. Cuireann an oiliúint seo deiseanna úrnua ar fáil do lucht páirteach i bhfiontraíocht na Gaeilge agus i ngnóanna teanga-bhunaithe.

Bhí an Clár Ard-oiliúna d’Fhiontraithe le Gaeilge, dírithe ar chinntiú go raibh an tacaíocht agus an chomhairle is fearr ar fáil do na fiontraithe a bhí rannpháirteach.

Bhí an cúrsa seo deartha agus dírithe ar riachtanaisí na dtríocha rannpháirtithe le cinntiú go sroichfí buaicphointe ina saol fiontraíochta. Tháinig leath de na rannpháirtithe ó cheantar Gaeltachta Dhún na nGall agus an chuid eile ón réigiún treas-teorann faoi chúram Interreg.

Tá an clár a bhainistiú ag Oideas Gael agus Forbairt Feirste le co-oirdniú déanta ag WestBic.

Eolas: Eunan Mac Cuinneagáin, WestBic, Cill Chartha. 074 97 38333 nó ag www.fiontrai.ie

Is féidir clárú don chomhdháil le eunan@fiontrai.ie nó glaoigh ar 074 97 38333


Return to top


image image image image image image image image image image
image

image
 
Oideas Gael Interreg 3A Irish Central Border Area Interreg IIIA Partnership (ICBAN) Údarás na Gaeltachta Forbairt Feirste