Fiontraíthe le Gaeilge

Fiontraithe le Gaeilge

image

Poiblíocht / PR - 2007

Gradaim na Gaeltachta

Bunaíodh Údarás na Gaeltachta le fostaíocht a chruthú agus a chaomhnú sa Ghaeltacht agus an Ghaeilge a bhuanú mar phríomhtheanga an phobail. Tá thart ar 150 comhlacht ag feidhmiú sa Ghaeltacht a chuireann breis agus ocht míle post ar fáil.

Is í aidhm na sraithe seo ná ceiliúradh a dhéanamh ar spiorad fiontraíochta na ndaoine agus na gcomhlachtaí seo atá ag cur fostaíocht ar fáil sa nGaeltacht ar fud na tíre. Bheadh sé tábhachtach léargas a thabhairt ar na comhlachtaí éagsúla agus na scéalta daonna a inse ar bhealach a bheadh físiúil agus suimiúl don phobal.
Tá sé tábhachtach ceiliúradh a dhéanamh ar dhaoine agus ar chomhlachtaí agus fosta béim a chur ar an bhfiontrá agus na smaointe nua a tháinig chun tosaigh agus ar éirigh leo.

Bheadh sé chlár leath uaire sa sraith móide clár beo beo ar oíche bhronnta na nGradam.

D’fhéadfadh ceithre rannóg a bheith agat………

• Gradam do chomhlacht mór na bliana

• Gradam do chomhlacht beag na bliana

• Gradam do Phearsa Gnó na Bliana nó Fiontraí na Bliana

• Gradaim réigiúnacha

….ach d’fhéadfaí roghanna eile a phlé chomh maith.

Bheadh rialacha/treoirlínte le leagaint síos. Leagfaí síos dáta le moltaí a dhéanamh do na Gradaim seo. In 2007, is é an 15ú Meitheamh an dáta deireannach a nglacfaí le hainmniúcháin. Bheadh paineál moltóirí roghnaithe ar a mbeadh daoine, idir fhir agus mná, le taithí éagsúla, ag a mbeadh Gaeilge mhaith. Bheadh sé tairbheach dá mbeadh profíl náisiúnta ag roinnt de na moltóirí. D’fhéadfaí na hainmiúcháin a riarú trí oifigí réigiúnacha an Údaráis.

Roghnódh na moltóirí gearr liosta – i ngach clár, más féidir, bheadh mír thart ar ocht nóiméad faoi chomhlacht mór (os cionn 50 post), faoi chomhlacht beag (faoi 50 post) agus faoi phearsa gnó. I ngach mír, bheadh scéal físiúil le hinse chomh maith le tuairimíocht óna moltóirí. Bheadh sé soiléir óna cláracha seo gur buaiteoirí iad seo ar fad agus go mbeadh an mhír ag tabhairt léargas ar an gcomhlacht, ag ceiliúradh a raibh bainte amach acu agus ag leiriú an cur chuige agus an spiorad fiontraíochta atá iontu.

Rachadh an comhlacht léirithe i mbun oibre ansin leis na míreanna ar fad a léiriú. Dhéanfaí an obair ar an láthair i Mí Iúil agus Mí Lúnasa agus an iarléiriú ar fad I Mí Meán an Fhómhair. Chraolfaí na cláracha i Mí Deireadh Fómhair agus Mí na Samhna.

Bheadh agat ansin oíche fhógairt agus bronnta na nGradam. Ar an oíche mhór seo, chuirfí i láthair mír ghearr óna 18 mír a bhí le feiceáil le linn na sraithe agus roimh dheireadh na hócáide , bhronnfaí roinnt gradaim.

Má bhíonn duaiseanna airgid le bronnadh, beidh sé riachtanacht é seo a phlé roimh ré. I gcás comhlachta, cé ata I dteideal an airgid – an comhlacht féin, an príomhfheidhmeannach, an fhoireann……

Bheadh freagracht ar chomhlacht neamhspleách teilifíse an sraith iomlán a léiriú.

Costas Measta

Mír Míniú
Costas k
Léiriú sé chlár 30 nóim 3 mhír i ngach clár – leirithe ag Comhlacht neamhspleách teilifíse
215
Clár bronnta Gradam O.B. , stáitse, set, soilse agus araile agus an léiriú féin. Bheadh na míreanna ar fáil óna cláracha a bheadh craolta
70
An oíche mhór Béile do 150 duine @ 100 euro
15
Duaiseanna 3 dhuais @ 10k
30
Iomlán  
330

Bheadh TG4 agus Údarás na Gaeltachta sásta comh mhaoiniú a dhéanamh ar an sraith. D’fhéadfadh an tÚdaras moltaí a dhéanamh maidir le comhlachtaí a mbeadh suim acu urraíocht a dhéanamh ar a leithéid de shraith agus teagmhálacha a chuir ar fáil. D’fhéadfadh an comhlacht díolaíocht atá ag TG4 stocaireacht a dhéanamh ansin ag lorg urraíochta i bpáirt leis an Údarás agus TG4. Dá mbeadh airgead ar fáil, leanfaí fós leis an socrú 50/50.

Bheadh sé i gceist cáipéis aontaithe mar seo a sheoladh ag comhlachtaí léirithe teilifíse ag tabhairt cuireadh dóibh forbairt a dhéanamah ar an bunsmaoiniú seo agus coimisiún a lorg leis an sraith a léiriú.

Is é seo plé cháipéis do Udarás na Gaeltachta agus TG4 amháin

Pól
CB. Údarás Eanáir 2007

Return to top


image image image image image image image image image image
image

image
 
Oideas Gael Interreg 3A Irish Central Border Area Interreg IIIA Partnership (ICBAN) Údarás na Gaeltachta Forbairt Feirste